Cluichí Físe  - Féidireachtaí nua don dtionscal closamhairc?
1ú Deireadh Fómhair 2015

Cluichí Físe - Féidireachtaí nua don dtionscal closamhairc?

Ba é Tribal City Interactive, comhlacht lonnaithe i gCathair na Gaillimhe, an t-aon chomhlacht Éireannach i mbliana a fuair tacaíocht ón Eoraip Chruthaitheach MEDIA chun forbairt a dhéanamh ar chluiche físe - sa gcás seo cluiche dár teideal Runes of Aran. Déanfaidh Stiúrthóir an chomlachta Alan Duggan cur síos ar an dtogra seo agus ar léiriúchán chluichí físe go ginearálta i seimineár eolais dírithe ar léiritheoirí agus stiúrthóirí closamhairc nó éinne a bhfuil suim acu níos mó eolais a fháil faoin earnáil seo.

Déanfaidh Eibhlín Ní Mhunghaile ón Oifig MEDIA i nGaillimh cur síos chomh maith ar na scéimeanna MEDIA do Léiritheoirí agus na hathraithe sna treoirlínte nua.  Beidh an Seimineár ar siúl Dé hAoine 16ú Deireadh Fómhair ag 9.45 in Óstán 12 Bearna

CLÁR

9.45 -10.15      Clárú agus Caife

10.15 - 10.30   Treoirlínte nua don Eoraip Churthaitheach MEDIA 

10.30 - 11.45   Cluichí Físe - Alan Duggan

11.45-12.15  Am le haghaidh ceisteanna/cruinnithe

RSVP roimh 13ú Deireadh Fómhair trí ríomphost a sheoladh chuig Oifig MEDIA na Gaillimhe