MEDIA
Clár tacaíochta chun dáileadh forleathan scannáin Eorpacha a chun chun cinn
- Dáta Foilsiúcháin
- Fo-Chlár
- MEDIA
Gnó - Is féidir linn cabhrú leat
- spreagadh agus tacaíocht a thabhairt don dáileadh leitheadach trasnáisiúnta ar scannáin Eorpacha a rinneadh le gairid trí mhaoiniú a chur ar fáil do sholáthraithe agus do ghníomhairí díolacháin, bunaithe ar a bhfeidhmíocht ar an margadh, chun breis athinfheistíochta a dhéanamh i sealbhú, cur chun cinn agus dáileadh (ar líne san áireamh) scannáin nua neamhnáisiúnacha Eorpacha.
- spreagadh a thabhairt don fhorbairt ar cheangail idir na hearnálacha léiriúcháin dáiliúcháin chun feabhas a chur dá réir ar chumas iomaíocht na scannán Eorpach neamhnáisiúnach agus ar iomaíochas na gcuideachtaí Eorpach.
Tá an scéim seo oscailte do chuideachtaí Eorpacha atá gníomhach san earnáil chlosamhairc agus atá lonnaithe i gceann de na tíortha atá páirteach sa bhfochlár MEDIA agus an tromlach díobh a bheith faoi úinéireacht náisiúnach ó na tíortha sin.
Ní féidir ach le comhlacht amháin iarratas a dhéanamh ar an scéim seo.
Caithfidh an t-iarratasóir a bheith ina d(h)áilitheoir cineama / amharclannach atá páirteach i ngníomhaíocht thráchtála atá deartha chun aird lucht féachana leathan a tharraingt ar scannáin chun críocha brabúsaíochta in amharclanna cineamaí.
- Forbairt ar chiste ionchasach a bheidh measta de réir fheidhmíocht na cuideachta ar an margadh Eorpach le linn na tréimhse tagartha.
- Feidhmiú na gníomhaíochta: caithfear an ciste ionchasach a ghinfidh gach cuideachta a infheistiú in athuair.
- Cuirfear uasmhéid tacaíochta de €I mhilliún ar fáil in aghaidh gach scannán. Tá an deontas AE teoranta go dtí uasmhéid de ráta cómhaoinithe de 70% de na costais incháilithe iomlána.
- Próiseálfar na hiarratais go léir a dhéanfar ar ghlaonna na hEorpa Cruthaithí trí Thairseach Maoinithe & Deiseanna Tairisceana an Choimisiúin Eorpaigh (F&TP) atá atá ar fáil.
- Tá eolas sonrach ar fáil faoin mbealach le rochtain a fháil ar Thairseach F&T anseo.
- Is féidir leat breis eolais a fháil faoin mbealach le hiarratas a dhéanamh anseo.