Skip to main content

Tacaíocht do Chomhfhorbairt Eorpach

Spriocdháta

1600 an spriocam in Éirinn

Déan Iarratas Anois

Song of the Sea Cartoon Saloon 2
Dáta Foilsiúcháin
Fo-Chlár
MEDIA
Ábhar
Is féidir linn cabhrú leat

Déan Teagmháil linn

  • Cothú a thabhairt do thallann, inniúlacht agus scileanna

  • Spreagadh a thabhairt do chomhoibriú, soghluaisteacht agus nuálaíocht trasteorann i gcruthú agus i léiriú saothar closamhairc
    Eorpach,

  • Spreagadh a thabhairt don chomhoibriú ar fud na mBallstát a bhfuil acmhainní difriúla closamhairc acu.

Ceannaire agus páirtí / páirtithe tionscadail:

  • Caithfidh siad a bheith ina gcuideachtaí léiriúcháin neamhspleácha closamhairc Eorpacha
  • Ní féidir leo a bheith ina n-aonáin chleamhnaithe
  • Caithfidh móramh na gceart a bheith ag duine de na páirtithe –glacfar le comhroinnt 50/50

  • Comhfhorbairt ar thionscadal amháin Beochana, Faisnéise Cruthaithí nó Ficsin d’Ardáin Chineama, Theilifíse nó Digiteacha

  • Caithfidh tionscadal amháin Beochana, Faisnéise Cruthaithí nó Ficsin
    ina bhfuil fad 24 nóiméad ar a laghad a bheith léirithe ag an duine ó
    2016 i leith.
  • A dáileadh ar bhonn tráchtála i 3 thír ar a laghad, taobh amuigh dá dtír féin, ag aon am roimh an spriocdháta.
  • Obair a léirigh an Chuideachta iarrthach nó creidiúint phearsanta mar Léiritheoir

Maidir leis an saothar a chuirfear isteach, ní bheidh cead dul i mbun
léiriúcháin air taobh istigh de 10 mí ó dháta an Iarratais.

  • Uasmhéid de €60,000 in aghaidh an pháirtí | €100,000 do Shraitheanna Teilifíse a bhfuil buiséid léiriúcháin de bhreis agus €20 milliún acu

  • Próiseálfar na hiarratais go léir a dhéanfar ar ghlaonna na hEorpa Cruthaithí, trí Thairseach Maoinithe & Deiseanna Tairisceana an
    Choimisiúin Eorpaigh (F&TP) atá ar fáil anseo.
  • Tá eolas sonrach ar fáil faoin mbealach le rochtain a fháil ar Thairseach F&T anseo.
  • Is féidir leat breis eolais a fháil faoin mbealach le hiarratas a dhéanamh anseo.
  • Téigh i dteangbháil leis an Oifig MEDIA má tá breis eolais uait.