

Scéim tacaíochta chun cuidiú le comhlachtaí físchluichí, comhlachtaí léiriúcháin nó stiúideonna XR físchluichí nó eispéiris idirghníomhacha thumthacha a fhorbairt don mhargadh idirnáisiúnta.
- Dáta Foilsiúcháin
- Fo-Chlár
- MEDIA
Ábhar - Is féidir linn cabhrú leat
Tacú le comhlachtaí físchluichí, comhlachtaí léiriúcháin nó stiúideonna XR físchluichí nó eispéiris idirghníomhacha thumthacha insintbhunaithe a fhorbairt don mhargadh idirnáisiúnta.
- Comhlachtaí lonnaithe i gceann de na tíortha atá páirteach sa bhfochlár MEDIA agus an tromlach díobh a bheith faoi úinéireacht náisiúnach ó na tíortha sin.
- Comhlachtaí físchluichí, comhlachtaí léiriúcháin nó stiúideonna XR a bhfuil físchluiche nó eispéireas tumthach forbartha/léirithe acu cheana.
Caithfidh an togra sin a bheith:
- Creidiúnaithe don chuideachta iarrthach (ní féidir creidiúintí pearsanta ná aon obair a rinne cuideachta eile ar conradh/fochonradh a chur san áireamh).
- Dáilithe ar bhonn tráchtála (arna léiriú ag tuairisc ábhartha díolachán a thaispeánfaidh ioncam a gineadh idir 1 Eanáir 2021 agus dáta an iarratais)
Físchluiche nó Ábhar Tumthach insintbhunaithe idirghníomhach, is cuma cén t-ardán nó cén modh dáiliúcháin a bhfuiltear ag súil leis, atá dírithe ar úsáid thráchtála.
Ní ceart go mbeadh céim léiriúcháin (féach na treoirlínte don sainmhíniú) an tionscadail atá curtha isteach a bheith sceidealaithe le tarlú laistigh de 10 mí ó dháta an iarratais.
Tá uasmhéid €200,000 ar fáil d'aon thogra faoi leith.
Leigh na treoirlínte don Ghlaoch seo ar dtús chun cinntiú go bhfuil tú incháilithe
Próiseálfar na hiarratais go léir a dhéanfar ar ghlaonna na hEorpa Cruthaithí, trí Thairseach Maoinithe & Deiseanna Tairisceana an Choimisiúin Eorpaigh (F&TOP)
Tá eolas sonrach ar fáil faoin mbealach le rochtain a fháil ar Thairseach F&T anseo.
Is féidir leat breis eolais a fháil faoin mbealach le hiarratas a dhéanamh anseo.