Déan teagmháil le hOIFIGÍ MEDIA DHEASC NA hEORPA CRUTHAITHÍ ÉIRE
Cuireann Oifigí MEDIA Dheasc na hEorpa Cruthaithí Éire eolas ar fáil a bhaineann le hearnálacha sonracha faoi dheiseanna maoinithe d’fhochlár MEDIA na hEorpa Cruthaithí do na hearnálacha closamhairc agus cineama – scannáin, teilifís, cluichí, meáin nua.
Deasc na hEorpa Cruthaithí - Oifig MEDIA, Baile Átha Cliath
Tá fochlár MEDIA na hEorpa Cruthaithí á chur chun cinn in Éirinn ag dhá Oifig a chuireann eolas ar fáil faoi mhaoiniú agus faoi dheiseanna an chláir, agus tugann siad comhairle agus tacaíocht in aisce d’iarratasóirí ar a n-áirítear seimineáir eolais, oiliúint agus imeachtaí líonraithe. Is é an Coimisiún Eorpach i gcomhpháirtíocht le Bord Scannán na hÉireann agus RTÉ a dhéanann maoiniú ar Dheasc Bhaile Átha Cliath.
Déan teagmháil le:
Orla Clancy
Deasc na hEorpa Cruthaithí - Oifig MEDIA,
14-16 Sráid an Tiarna Éadbhard,
Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353 16791856
Deasc na hEorpa Cruthaithí - Oifig MEDIA, Gaillimh
Tá Deasc MEDIA na hEorpa Cruthaithí Gaillimh ag feidhmiú mar oifig réigiúnach MEDIA agus tá dualgas ar leith orthu freisin eolas agus seirbhís as Gaeilge a chur ar fáil don phobal closamhairc Gaeilge atá ag dul i méid go leanúnach. Tá sé maoinithe ag an gCoimisiún Eorpach i gcomhpháirtíocht le hÚdarás na Gaeltachta, TG4, Bord Scannán na hÉireann agus Ionad Scannán na Gaillimhe.
Déan teagmháil le:
Eibhlín Ní Mhunghaile,
Deasc na hEorpa Cruthaithí - Oifig MEDIA, Gaillimh
Cluain Mhuire,
Bóthar Mhuine Mheá, Gaillimh. Éire
Teil: +353 91 353491
Déan teagmháil le hOifigí MEDIA Dheasc na hEorpa Cruthaithí i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh chun eolas a fháil faoin maoiniú agus na deiseanna oiliúna atá i bhfochlár MEDIA.