Dáileadh
Tugann fochlár MEDIA na hEorpa Cruthaithí tacaíocht chun dáileadh agus craoladh a dhéanamh ar shaothar closamhairc (cláracha ficsin, faisnéise, beochana, idirghníomhacha) agus ar scannáin Eorpacha ar líne, i gcineamaí agus ar an teilifís.
Dáiliúchán Cineama – An Scéim Roghnach
Tugann an fochlár MEDIA tacaíocht airgeadais do dháilitheoirí Chineamaí na hEorpa chun dáileadh a dhéanamh ar scannáin neamhnáisiúnacha Eorpacha, faoi dhá mheicníocht thacaíochta:
- An Scéim Roghnach
- An Scéim Uathoibríoch
Dáiliúchán Cineamaí – An Scéim Roghnach
Spriocdhátaí: 10ú Nollaig 2019 & 16ú Meitheamh 2020 (roimh 16.00in in Éirinn)
Tá sé d’aidhm ag an Scéim tacaíochta roghnach dáileadh trasnáisiúnta níos leithne a chothú ar scannáin Eorpacha neamhnáisiúnacha atá eisithe le déanaí, trí spreagadh a thabhairt do dháilitheoirí amharclainne ach go háirithe, chun infheistiú a dhéanamh i gcur chun cinn agus i ndáileadh cuí na scannán Eorpach neamhnáisiúnach. Lena chois sin, tá sé d’aidhm ag an scéim spreagadh a thabhairt don fhorbairt ar naisc idir an earnáil léiriúcháin agus an earnáil dháiliúcháin, rud a fheabhsóidh cumas iomaíocht na scannán Eorpach neamhnáisiúnach.
Cén mhaoiniú atá ar fáil?
Tá buiséad measta de €9.85 milliún ar fáil. Tá deontais ar fáil chun feachtais dháiliúcháin do scannáin Eorpacha neamhnáisiúnacha a chistiú. Deonófar cnapshuimeanna idir €10,000 agus €150,000 de réir líon na scáileán a bheidh clúdaithe ag an bpointe eisithe is mó.
Cé atá i dteideal cur isteach air?
Gníomhairí díolacháin a chloífidh leis na critéir seo a leanas:
- Comhlacht Eorpach cláraithe san AE nó sna tíortha MEDIA.
- Go raibh siad ceaptha mar Ghníomhaire Díolacháin ag 3 scannán Eorpacha incháilithe ar a laghad le trí bliana anuas agus gur dearnadh eisiúint amharclainne ar na scannáin sin i 5 thír ar a laghad.
- Go bhfuil siad ceaptha ag an léiritheoir de réir conrach díolacháin chun an scannán a dhíol i 15 thír ar a laghad atá páirteach sa bhfo-chlár MEDIA.
Cé na cineálacha tionscadal atá incháilithe?
Feachtais dáiliúcháin Eorpacha do scannáin nua Eorpacha neamhnáisíunta. Ní mór do ar a laghad 7 gcuideachta dháiliúcháin amharclainne Eorpacha a bheith páirteach sa bhfeachtas dáiliúcháin..
Chun scannán a bheith incháilithe ní mór go mbeadh sé:
- Ina shaothar ficsin, beochana nó faisnéise (fad 60 nóim. ar a laghad)
- Gan a chóipcheart a bheith bunaithe roimh 2018
- Gan aon ábhar malairte (ceoldrámaí, ceolchoirmeacha, taispeántais) ná fógraíocht a bheith ann, agus gan aon ábhar pornagrafach nó seicteach a bheith ann
- Uasbhuiséad léiriúcháin de €10 milliún a bheith aige, má thagann sé as an bhFrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Spáinn nó an Ríocht Aontaithe
- A thromlach a bheith déanta ag léiritheoir/léiritheoirí atá lonnaithe i dtíortha atá páirteach sa bhfochlár MEDIA agus é a bheith déanta le líon suntasach gairmithe atá ina náisiúnaigh/cónaitheoirí sna tíortha sin