Promotion of European Works Online
Tacaíocht do Dháiliúchán ar Líne
Tá sé d’aidhm ag fochlár MEDIA na hEorpa Cruthaithí tacú le dáiliúchán ar líne maidir le modhanna nua dáiliúcháin agus múnlaí gnó a chur chun cinn. Tá tacaíocht ar fáil d'imeachtaí margaíochta do sheirbhísí VOD, pacáistí digiteacha ar líne agus eisiúintí il-ardáin nuálacha do scannáin Eorpacha.
SPRIOCDHÁTA: 5Ú BEALTAINE 2020
Cén mhaoiniú atá ar fáil?
Meastar gur €10,100 milliún a bheidh ar fáil do 2020. Is féidir le hiarratasóirí éileamh a dhéanamh ar uasmhéid de 60% dá gcostais incháilithe.
Cé atá i dteideal cur isteach air?
Eintitis Eorpacha (cuideachtaí príobháideacha, eagraíochtaí neamhbhrabúis, cumainn, carthanachtaí, fondúireachtaí, comhairlí, srl.) atá lonnaithe i gceann de na tíortha atá páirteach sa bhfochlár MEDIA agus faoi úinéireacht go díreach nó trí rannpháirtíocht tromlaigh ag náisiúnaigh as na tíortha sin.
Cén saghas gníomhaíochtaí atá incháilithe?
GNÍOMHAÍOCHT 1
Imeachtaí margaíochta do sheirbhisí VoD chun cuidiú leo scannáin nua Eorpacha a chur chun cinn sa margadh.
Gníomhaíocht 2
Comhoibriú trasteorann idir seirbhisí VoD Eorpacha.
GNÍOMHAÍOCHT 3
Stráiteisí nuálacha do Dháiliúchán agus Margaíocht saothar closamhairc Eorpach maidir le huirlisí agus múnlaí gnó nua a chruthú chun an lucht féachana do scannáin Eorpacha a mhéadú.
Iarratas a Dhéanamh
Cliceáil anseo chun iarratas a dhéanamh ar Dháiliúchán ar Líne
Tabhair aird faoi leith ar na haguisíní riachtanacha.
Cliceáil anseo le haghaidh eolas faoin bpróiseas iarratais don Eoraip Chruthaitheach.