Support for the Development of Video Games
Tacaíocht d’Fhorbairt ar Fhíschluichí
Tá an scéim seo dírithe ar chuideachtaí a bhfuil físchluiche amháin ar a laghad foilsithe acu le gairid agus atá ag iarradh infheistiú i gcoincheap nó i bhfréamhshamhail d’fhíschluiche nua.
Tacaíonn an scéim seo le cuideachtaí físchluichí neamhspleácha Eorpacha a bhfuil taithí chruthaithe acu agus atá ag iarraidh leagan alfa nó béite de chluiche insintbhunaithe a fhorbairt.
Spriocdháta: 12ú Feabhra 2020
Cén mhaoiniú atá ar fáil?
Meastar gur €3.78 milliún a bheidh sa bhuiséad iomlán do 2019. Tá réimse ó €10,000 go dtí €150,000 sa deontas iomlán a fhéadfar a cheadú agus ní mór é a mheaitseáil le 50% den airgeadú.
Cé atá i dteideal cur isteach air?
Ní mór do chuideachtaí iarrthacha a bheith:
- Lonnaithe i gceann de na tíortha atá páirteach sa bhfochlár MEDIA agus an tromlach díobh a bheith faoi úinéireacht náisiúnach ó na tíortha sin.
- Cláraithe le 12 mhí ar a laghad agus léiriúchán físchluichí a bheith mar phríomhghnó acu.
- In úinéireacht ar thromlach na gceart atá sa tionscadal a bhfuiltear ag iarraidh tacaíochta ina leith
Caithfidh na cuideachtaí iarrthacha a bheith in ann a léiriú go bhfuil físchluiche insintbhunaithe forbartha/léirithe acu roimhe sin. Caithfidh an cluiche sin a bheith:
- Creidiúnaithe don chuideachta iarrthach (ní féidir creidiúintí pearsanta ná aon obair a rinne cuideachta eile ar conradh/fochonradh a chur san áireamh).
- Dáilithe ar bhonn tráchtála (arna léiriú ag tuairisc ábhartha díolachán a thaispeánfaidh ioncam a gineadh idir 1 Eanáir 2016 agus an dáta ar dearnach an t-iarratas)
Cé na tionscadail atá incháilithe?
Físchluichí insintbhunaithe, is cuma cén t-ardán nó cén modh dáiliúcháin a bhfuiltear ag súil leis, atá dírithe ar úsáid thráchtála. Ní ceart go mbeadh céim léiriúcháin (féach na treoirlínte don sainmhíniú) an tionscadail atá curtha isteach a bheith sceidealaithe le tarlú laistigh de 8 mí ó dháta an iarratais.
Níl na tionscadail seo a leanas incháilithe (baineann siad seo leis an tionscadal sa chuntas teiste agus leis an tionscadal a bhfuiltear ag lorg tacaíochta ina leith araon):
- Uirlisí agus seirbhísí bogearraí atá dírithe go hiomlán ar fhorbairt theicneolaíochta agus/nó a úsáidtear go hiomlán chun breis forbartha a dhéanamh ar choincheapa de chluichí atá ann cheana féin
- Seirbhísí eolais nó seirbhísí iomlána trasghníomhaíochta.
- Tionscadail atá ag cur na turasóireachta chun cinn
- Tionscadail ealaíne agus suiteálacha ilmheáin
- Suíomhanna gréasáin atá ina n-ardáin sóisialta, ina líonrú sóisialta, ina bhfóraim idirlín, ina mblaganna nó ina ngníomhaíochtaí dá leithéid, nó tiomanta go sonrach dóibh sin
- Tionscadail ina bhfuil ábhar pornagrafach nó seicteach, nó atá ag tacú le foréigean
- Saothair a bhfuil gné promóisin iontu agus iad ina gcuid d’fheachtas promóisin nó fógraíochta do tháirge agus/nó branda ar leith
- Léiriúcháin chun eagraíocht ar leith nó a cuid gníomhaíochtaí a chur chun cinn
- Ardáin do ríomhleabhair (idirghníomhach) cluichí, ficsin idirghníomhacha, beochaintí idirghníomhacha, cláir faisnéise idirghníomhacha.
- Cluichí puzail, cluichí cuimhne, cluichí spóirt, cluichí rásaíochta, cluichí reathaíochta, cluichí rithime/amhránaíochta/damhsa, cluichí sóisialta, cluichí ceisteanna, cluichí cóisir.