EAVE 2020 | Glaoch Speisialta do Léiritheoirí ó Éirinn agus An Chróit
4ú Feabhra 2020

EAVE 2020 | Glaoch Speisialta do Léiritheoirí ó Éirinn agus An Chróit

I gcomhthéacs Príomhchathracha Chultúir na hEorpa 2020 - Gaillimh agus Rijeka - roghnóidh EAVE cúigear Léiritheoir Éireannach (tús áite tugtha do Ghaillimh agus d'Iarthar na hÉireann) agus cúigear Léiritheoir ón gCróit (tus áite tugtha do cheantar Rijeka) chun bheith páirteach i gCeardlann 2 agus 3 den gCursá Oiliúna EAVE do Léiritheoirí 2020.

Is féidir le Léiritheoirí iarratas a dhéanamh le togra (Drámaíocht, Clár Faisnéise nó Sraith Teilifíse) nó gan togra.

Do na Léiritheoirí a roghnófar níl aon chostas i gceist chun freastal ar an gCeardlann i nGaillimh agus cuirfear lóistín ar fáil saor in aisce más gá - a bhuíochas sin do Gréasán na Méan, TG4, Fís Éireann, Screen Skills Ireland agus Údarás Chraolacháin na hÉireann.  Níl aon chostas i gceist chun freastal ar an gCeardlann i Rijeka agus cuirfear lóistín ar fáil saor in aisce.  Ní mór do Léiritheoirí íoc as taisteal ó agus chuig Rijeka áfach.

Is iad na dátaí don Cheardlann i nGaillimh ná 8ú-12ú Meitheamh agus na dátaí don Cheardlann i Rijeka/Opatija ná 20ú-24ú Deireadh Fómhair 2020.

MAIDIR LE  EAVE 

Tá EAVE (European Audiovisual Entrepreneurs) ar cheann de na cúrsaí traenála is fearr do Léiritheoirí san Eoraip.  Tá Cursá Oiliúna EAVE do Léiritheoirí dírithe ar Léiritheoirí Drámaíochta agus Chláir Faisnéise atá ag iarraidh breis eolais a fháil faoi bheith ag léiriú agus ag comhléiríu san Eoraip.

SPRIOCDHÁTA: 17ú Feabhra 2020.

Íoslódáil An Fhoirm Iarrtais EAVE agus seoil an fhoirm líonta maraon leis na cáipéisí cuí chuig EAVE

Fógrófar na rannpháirtithe a roghnáiodh i mí Márta.