Ceardlann Scríbhneoireachta Teilifíse - Bearna, Co. na Gaillimhe, 25ú & 26ú Bealtaine 2020
11ú Feabhra 2020

Ceardlann Scríbhneoireachta Teilifíse - Bearna, Co. na Gaillimhe, 25ú & 26ú Bealtaine 2020

Le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann, eagróidh Deasc na hEorpa Cruthaithí Oifig MEDIA na Gaillimhe Ceardlann Scríbhneoireachta Teilifíse leis an gComhairleoir Scripte, Emmanuel Oberg  ar an 25ú & 26ú Bealtaine 2020 i mBearna, Co. na Gaillimhe.​  

Tá sé mar aidhm ag an gCeardlann seo uirlisí scéalaíochta a sholáthar do scríbhneoirí teilifíse chun cuidiú leo a gcuid tograí a fhorbairt chomh héifeachtaí agus is féidir. Ag úsáid samplaí ó chláracha drámaíochta den scoth ar nós Killing Eve, Breaking Bad, Sex Education, Chernobyl, After Life, Occupied, Game of Thrones, Broadchurch, Friends, Money Heist, Big Little Lies, Fleabag, Stranger Things, Happy Valley, Mr. Robot agus níos mó, déanfar scagadh ar na huirlisí cumhachtacha ach so-lúbtha seo atá ag teastáil chun máistreacht a fháil ar an gcineál scéalaíochta seo.

Beidh Emmanuel ar fáil le haghaidh cruinnithe scripte chomh maith ar an 27ú Bealtaine.

NB: Tá an Cheardlannn seo dírithe orthu siúd a bhfuil an Ceardlann Forbartha 3-lá déanta acu cheana nó a bhfuil an Leabhar Screenwriting Unchained léite acu.

Níl ach 20 áit ar fáil ar an gceardlann seo agus ní bheidh áit ar fáil ach dóibh siúd atá in ann freastal ar an gcúrsa iomlán.

SPRIOCDHÁTA:  3ú Aibreán 2020

Is féidir an Clár don gCeardlann a íoslódáil anseo

Is féidir an Fhoirm Iarratais a íoslódáil anseo