Ceardlann Forbartha 18ú-20ú Meán Fómhair, Bearna, Co. na Gaillimhe
20ú Meitheamh 2018

Ceardlann Forbartha 18ú-20ú Meán Fómhair, Bearna, Co. na Gaillimhe

Le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann eagróidh Oifig MEDIA na Gaillimhe Ceardlann Forbartha 3-lá i nGaillimh leis an gComhairleoir Scripte Emmanuel Oberg ón 18u-20ú Meán Fómhair 2018.  Ag usáid an Story-Type Method® tá sé mar aidhm ag an gCeardlann seo uirlisí scéalaíochta a sholáthar do scríbhneoirí teilifíse agus scannáin chun cuidiú leo a gcuid tograí a fhorbairt chomh héifeachtaí agus is féidir. 

Beidh Emmanuel ar fáil le haghaidh cruinnithe scripte chomh maith ar an 21ú Meán Fómhair.

Níl ach 20 áit ar fáil ar an gceardlann seo.

NB: Ní bheidh áit ar fáil ach dóibh siúd atá in ann freastal ar an gcúrsa iomlán.

Spriocdháta: 15ú Lúnasa

Cliceáil anseo le haghaidh Clár don gCeardlann

Cliceáil anseo chun Foirm Iarratais a íoslódáil

Cliceáil anseo le haghaidh CV  Emmanuel Oberg