Cláir Faisnéise: Dearcadh Eorpach

Le tacaíocht ó Choimisiún na Meán agus i gcomhar le Paradiddle Pictures, tá Oifig MEDIA na Gaillimhe ag eagrú Ceardlann lae ag díriú ar Chláir Faisnéise Eorpacha ar an 2ú Samhain 2023.
Beidh na craoltóirí seo a leanas páirteach sa gCeardlann - BBC Storyville, SVT, RTE, TG4 agus Netflix. Tuilleadh le cinntiú.
Ar dtús déanfaidh Eagarthóirí Coimisiúnaithe Eorpacha cur síos ar na cineálacha éagsúla Cláir Faisnéise atá uatha. Ansin beidh deis ag Léiritheoirí Éireannacha Clár Faisnéise atá á fhorbairt acu a chur í láthair. Eagrófar cruinnithe leis na hEagarthóirí Coimisiúnaithe tar éis lóin.
Más mian leat Clár Faisnéise a chur í láthair do na hEagarthóirí Coimisiúnaithe Eorpacha seoil ephost le do thoil chuig Oifig MEDIA na Gaillimhe roimh an 29ú Meán Fómhair leis an eolas seo a leanas faoin dtogra:
- Achoimre - leath-leathanach
- Treatment agus eolas faoin scéal - leathanach amháin
- Nasc d'aon ábhar físeach
- Tuairim faoin dáta léiriúcháin agus buiséad measta don scannán
- Sonraí teagmhála don Léiritheoir agus Stiurthóir