Skip to main content

Stiúrthóirí á lorg do Bhord Stiúrtha Oifig MEDIA na Gaillimhe

Tá an comhlacht MEDIA Antenna CTR (Deasc na hEorpa Cruthaithí, Oifig MEDIA na Gaillimhe) ag lorg Stiúrthóirí nua do Bhord Stiúrtha na heagraíochta.

Is oifig eolais don Eoraip Chruthaitheach - Clár de chuid an Aontas Eorpaigh - í Oifig MEDIA na Gaillimhe. Cuireann an Oifig MEDIA eolas ar fáil maidir leis an bhfo-chlár MEDIA atá mar chuid den mhór-chlár An Eoraip Chruthaitheach a bhfuil mar aidhm aige tacú le tionscal an chultúir agus tionscal na cruthaitheachta le linn na tréimhse 2021-2027.

Cuirfear fáilte roimh iarratasaí ó dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu agus atá sásta feidhmiú go deonach ar an mBord Stiúrtha.

Cuirfear fáilte roimh ghairmeoirí ón earnáil Closamhairc/Físchluichí nó ó dhaoine gan taithí sna hearnálacha sin a bhfuil saineolas airgeadais, dlí no teicneolaíochta acu.

Má tá suim agat feidhmiú mar chomhaltaí boird nó chun breis eolas a fháil faoi na dualgasaí a bhaineann leis seoil ríomphost chuig Riarthóir na na heagraíochta roimh an 9ú Lúnasa 2021.

Filleadh ar Nuacht + Imeachtaí