DocCelerator Gaillimh 14ú & 15ú Deireadh Fómhair 2024
 
											Is Ceardlann forbartha dhá lá do lucht déanta scannán faisnéise í DocCelerator a reachtáilfear i nGaillimh ar an 14ú agus 15ú Deireadh Fómhair 2024. Tá an cheardlann seo dírithe ar scannáin faisnéise atá á fhorbairt faoi láthair don mhargadh idirnáisiúnta.
- DocCelerator Gaillimh
- 14ú & 15ú Deireadh Fómhair, 2024
- Ostán Chuan na Gaillimhe, Bóthar na Trá, Gaillimh
Tá Oifig MEDIA na Gaillimhe i gcomhar le Paradiddle Pictures agus Coimisiún na Meán ag eagrú ceardlann i nGaillimh do lucht déanta scannán faisnéise ar an 14ú agus 15ú Deireadh Fómhair 2024. Tá an cheardlann seo dírithe ar scannáin faisnéise atá á fhorbairt faoi láthair don mhargadh idirnáisiúnta. Roghnófar 6 thogra don cheardlann agus beidh deis ag Léiritheoiri/Stiúrthóirí aiseolas cuimsitheach a fháil faoina gcuid tograí. Tá sé mar aidhm ag an gCeardlann seo uirlisí scéalaíochta agus forbartha a sholáthar do lucht déanta scannán faisnéise chun cuidiú leo a gcuid tograí a fhorbairt chomh héifeachtaí agus chomh tapaidh agus is féidir.
Is í príomhaidhm na ceardlainne ná infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt an scannáin ionas go sabhálfar am agus airgid sa léiriúcháin.
Is iad na teagascóirí don cheardlann ná an Stiúrthóir Geoffrey Smith agus an Comhairleoir Ove Rishøj Jensen.
Chun Iarratas a dhéanamh
Ní mór an t-eolas seo a leanas a sheoladh le d'iarratas:
- Achoimre - leath-leathanach nó mar sin
- Treatment agus aon eolas atá ar fáil faoin scéal - leathanach nó mar sin
- Nasc d'aon ábhar físe a bheadh cabhrach don léirmheas.
Meastúchán maidir leis an tréimhse ama chun an scannán a chur i gcrích maraon le méid an bhuiséid measta.
Seol d'iarratas mar ríomhphost le do thoil chuig Oifig MEDIA na Gaillimhe. Téigh i dteangbháil leis an Oifig MEDIA má tá breis eolais uait.