Fáilte roimh Jules Ní Chonchobhair, Ceannasaí Nua Oifig MEDIA na Gaillimhe
 
											Tá áthas ar Creative Europe Desk Ireland ifáilte a chur roimh Jules Ní Chonchobhair, ceannasaí nua Oifig MEDIA na Gaillimhe.
Ceapadh Jules Ní Chonchobhair ina ceannasaí ar Oifig MEDIA na Gaillimhe le déanaí. 
Tá beagnach 25 bliain de thaithí ag Jules sna hearnálacha closamhairc agus cruthaitheacha, ag obair sna hearnálacha ceoil, teilifíse, drámaíochta agus foilsitheoireachta.
Bunaithe i 1992, is oifig eolais don chlár An Eoraip Chruthaitheach í Deasc na hEorpa Cruthaithí Oifig MEDIA na Gaillimhe a chuireann seirbhís eolais ar fáil maidir leis an bhfochlár MEDIA atá ag tacú le tionscal closamhairc na hEorpa. Tá sé d’aidhm MEDIA tacú leis an tionscal closamhairc san Eoraip trí thacaíocht airgid d’oiliúint, forbairt, margaíocht agus dáiliúchán. Ina theannta sin, cuireann MEDIA oiliúint den scoth ar fáil dóibh siúd a oibríonn sa tionscal mar aon le cúnamh a thabhairt don earnáil neamhspleách freastal ar na féilte agus margaí closamhairc idirnáisiúnta. Oibríonn Oifig MEDIA le heagraíochtaí san iarthar agus sa Ghaeltacht.
Dúirt Jules,
‘Is údar mór áthais dom an ceapachán seo. Tá éacht déanta ag Eibhlín sa ról go dtí seo. Ó bunaíodh an clár reatha (2021–2027), tugadh breis is €570,000 do chomhlachtaí Gaeltachta agus beagnach €2 mhilliún do chomhlachtaí san iarthar in iomlán. D’eagraigh Eibhlín chomhdhálacha, seimineáir agus deiseanna traenála don earnáil san iarthar, ina measc an t-imeacht bliantúil Dinnéar Comhléiriúchán MEDIA ag Fleadh Scannán na Gaillimhe, áit a mbíonn deis ag léiritheoirí agus infheisteoirí teacht le chéile le tionscadail a phlé. Táim ag súil go mór le tógáil ar an obair iontach sin.’ Jules Ní Chonchobhair
Tá buiséad de €2.44 billiún ag Clár na hEorpa Cruthaithí 2021–2027 – beagnach dúbailt ar an mbuiséad a bhí ag an gclár roimhe sin le €1.46 billiún de sin don fhochlár MEDIA atá ag tacú le scannáin, cláir theilifíse, beochan, agus físchluichí. Is méadú suntasach é seo ar an gclár roimhe seo, agus tá sé mar phríomhaidhm ag Oifig MEDIA na Gaillimhe cuidiú leis an earnáil sa Ghaeltacht agus in iarthar na tíre na deiseanna seo a thapú.
Agus í ag labhairt faoin gceapachán, dúirt cathaoirleach an bhoird, Miriam Ní Néill,
‘Fáiltíonn bord Oifig MEDIA na Gaillimhe roimh Jules Ní Chonchobhair ina ról nua mar cheannasaí ar Oifig MEDIA. Tá taithí leathan agus ábhartha ag Jules a rachas chun tairbhe di ina ról nua. Guíonn an bord chuile rath uirthi ina ceapachán, agus táimid ag tnúth go mór le bheith ag obair léi.Ba mhaith leis an mbord buíochas mór a ghlacadh agus aitheantas a thabhairt d’Eibhlín Ní Mhunghaile as a cuid oibre agus a cuid dílseachta don earnáil chruthaitheach sa Ghaeltacht agus san iarthar thar na blianta, agus guíonn muid gach ádh uirthi agus í ag dul ar scor.’ Miriam Ní Néill, Cathaoirleach an Bhoird, Oifig MEDIA na Gaillimhe
Tá Oifig MEDIA na Gaillimhe mar chuid de Dheasc na hEorpa Cruthaithí in Éirinn – líonra d’oifigí faisnéise na hEorpa Cruthaithí arna gcomhordú ag Fís Éireann. Tá an Oifig á urrú ag an Aontas Eorpach i gcomhair le hÚdarás na Gaeltachta, Ardán, TG4 agus Fís Éireann.