COMHDHÁIL FÍS d'Fhíschluichí 24ú Feabhra 2022
 
													Tá Ionad Scannán na Gaillimhe ag eagrú an dara eagrán den Chomhdháil FÍS d'Fhíschluichí ar an 24ú Feabhra 2022. Cuirfear i láthair ar líne é agus beidh sé saor in aisce do rannpháirtithe ach clárú roiumh ré.
Déanfaidh Eibhlín Ní Mhunghaile ó Oifig MEDIA na Gaillimhe cur i láthair ar an Scéim nua MEDIA d'Fhíschluichí agus Ábhar Tumthach agus beidh sí mar chainteoir ar an bPainéal Maoinithe i gcomhluadar Brendan Dillon, Rory Clifford agus Olivier Masclef.