Comhpháirtithe a fháil do thionscadal de chuid na hEorpa Cruthaithí
Ceann de na spriocanna atá ag an Eoraip Chruthaitheach is ea neartú agus cur chun cinn a dhéanamh ar an gcomhoibriú trasteorann ar leibhéal Eorpach sna hearnálacha Cultúrtha agus Cruthaitheacha.

Má tá tú ag lorg comhpháirtí do thionscadal de chuid na hEorpa Cruthaithí déan teagmháil le ceann dár nOifigí. Beidh muid in ann tú a threorú chuig acmhainní reatha le comhpháirtithe a lorg tríd ár nGréasán Dheasca na hEorpa Cruthaithí.
Ceann de na spriocanna atá ag Clár na hEorpa Cruthaithí is ea neartú agus cur chun cinn a dhéanamh ar an gcomhoibriú trasteorann ar leibhéal Eorpach sna hearnálacha Cultúrtha agus Cruthaitheacha.
Tagann na comhpháirtíochtaí is fearr ó theagmhálacha pearsanta atá déanta cheana féin trí ghníomhaíochtaí d’eagraíochta. Ach é sin ráite, tá roinnt bealaí eile ann chun comhpháirtíochtaí Eorpacha a fhorbairt.
Gach bliain, faigheann an Oifig Chultúir roinnt iarratas ag lorg comhpháirtí ónar gcomhghleacaithe Deasc ar fud na hEorpa thar ceann eagraíochtaí Cultúrtha Eorpacha a bhíonn ag lorg comhpháirtithe.
Déan teagmháil leis an oifig Chultúir má bhíonn aon cheisteanna agat agus tabharfaidh muid comhairle duit faoi na chéad chéimeanna eile a bheidh le tógáil agat.
Is cinnte gurb é an bealach is fearr chun bualadh le comhpháirtithe ionchasacha agus comhpháirtíochtaí rathúla a chruthú ná dul chuig Margaí, fóraim pitseála agus imeachtaí líonraithe chomh maith le páirt a ghlacadh i gcláir oiliúna ar fud na hEorpa.
Beidh muid in ann comhairle a chur ort faoin margadh nó an ócáid is oiriúnaí duitse agus dod thionscadal nó cuidiú leat dul i dteagmháil le comhpháirtithe ionchasacha as tíortha Eorpacha eile.
Tá oifigí ag Gréasán Dheasca na hEorpa Cruthaithí i ngach tír atá rannpháirteach i gClár na hEorpa Cruthaithí. Eagraíonn siad imeachtaí meaitseála do ghlaonna ar leith ó am go ham. Cláraigh dár Nuachtlitir nó coinnigh tú féin ar an eolas.
Má bhíonn aon cheisteanna agat faoi chomhpháirtí ionchasach a fháil, ná bíodh aon drogall ort teagmháil a dhéanamh leis na hOifigí MEDIA i mBaile Átha Cliath nó i nGaillimh.
Eagraíonn an Gréasán de Dheasca na hEorpa Cruthaithí gníomhaíochtaí meaitseála do ghlaonna Trasearnála ó am go ham. Cláraigh do cheann amháin nó tuilleadh dár Nuachtlitreacha nó coinnigh tú féin ar an eolas.
Má bhíonn aon cheist agat faoi chomhpháirtí ionchasach a fháil do thionscadal Trasearnála, is féidir leat dul i dteagmháil le haon cheann dár nOifigí thuas.