Seo í an Fhoireann
Faigh tuilleadh eolais fúinn agus faoin mbealach ar féidir linn cabhrú leat.
Faigh tuilleadh eolais fúinn agus faoin mbealach ar féidir linn cabhrú leat.
Aoife Tunney
An Oifig Chultúir
Tá breis agus 15 bliana déag de thaithí ag Aoife mar Choimeádaí Amharc-ealaíon agus mar ríomhchláraitheoir & bainisteoir Ealaíon Poiblí, agus mioneolas aici ar earnáil ealaíon agus chultúrtha na hÉireann. D’oibrigh Aoife leis na foirne Amharc-ealaíon agus Ailtireachta sa Chomhairle Ealaíon sula ndeachaigh sí leis an Oifig Chultúir in 2019 - tá sí féin agus Katie ag postroinnt. Tugann siad comhairle faoi mhaoiniú na hEorpa Cruthaithí, óstálann siad imeachtaí eolais, agus éascaíonn siad cuardaigh ar chomhpháirtithe Eorpacha. Foinse luachmhar eolais í Aoife i dtaca le scéim Soghluaisteachta Ealaíontóirí na hEorpa Cruthaithí atá á riaradh ag i-Portunus.
Lucy Tevlin
Culture Office
In 2024, Lucy joined the Culture Office team working on a part-time basis with Aoife. Lucy is also International Arts Officer with the Arts Council of Ireland. She is a visual artist with experience in arts project management and has lectured on art history.
Orla Clancy
Oifig MEDIA Bhaile Átha Cliath
Is í Orla an Ceannasaí ar Oifig MEDIA Bhaile Átha Cliath. Tá breis agus 16 bliana de thaithí aici i dtionscal closamhairc na hÉireann agus taithí aici ar léiriúcháin neamhspleácha, ar oiliúint agus ar an réimse closamhairc Eorpach. Tá caidrimh oibre den scoth bunaithe aici le léiritheoirí Éireannacha agus le tionscail cluichí agus beochana na hÉireann chomh maith le páirtithe leasmhara náisiúnta, ranna rialtais agus gníomhaireachtaí Éireannacha. Tá a sainchúram leathnaithe amach ag Orla chun áireamh a dhéanamh ar mhaoiniú trasearnála MEDIA do mheáin na nuachta agus litearthacht na meán.
Jules Ní Chonchobhair
Ceannasaí Oifig MEDIA na Gailimhe
Tá beagnach 25 bliain de thaithí ag Jules sna hearnálacha closamhairc agus cruthaitheacha, ag obair sna hearnálacha ceoil, teilifíse, drámaíochta agus foilsitheoireachta. Nuair a thosnaigh sí, bhí sí ina hinnealtóir fuaime agus bainisteoir léiriúcháin san earnáil cheoil, agus tá blianta de thaithí aici freisin ag obair le cliaint san earnáil scannán agus teilifíse agus í ina comhairleoir cumarsáide agus bainisteoir tionscadail. Tugann Jules tacaíocht agus eolas do na hearnálacha scannáin, teilifís, físchluichí agus beochan in iarthar na hÉireann agus sna Gaeltachtaí.
Leona Cully
An Bainisteoir Cumarsáide & Meán Digiteach
Tá Leona ag obair mar bhainisteoir Meán Digiteach agus Cumarsáide do na hOifigí Cultúir agus MEDIA araon le breis agus 7 mbliana. Roimhe sin, d’oibrigh sí mar bhainisteoir tionscadail le Scileanna Scáileáin Éireann (ScreenSkills Ireland) ar Ábhar Cruthaitheach agus ar chláir oiliúna Screen Leaders. Tá taithí freisin aici mar thaighdeoir agus mar scríbhneoir do chuideachtaí léiriúcháin agus don rialtas áitiúil. Cuidíonn Leona chun deiseanna na hEorpa Cruthaithí agus scéalta rathúla Éireannacha a chur chun cinn ar ár suíomh gréasáin agus ar chainéil na meán sóisialta.