Skip to main content

Conas Iarratas a Dhéanamh

Próiseálfar na hiarratais go léir a dhéanfar ar ghlaonna na hEorpa Cruthaithí trí Thairseach Maoinithe & Deiseanna Tairisceana (F&TP) an Choimisiúin Eorpaigh.

Tá mioneolas faoin mbealach le rochtain a fháil ar an tairseach, mar aon le deontais a fhoinsiú agus iarratas a dhéanamh, le fáil ar láithreán gréasáin EACEA.

Físeán ag https://www.eacea.ec.europa.eu/grants/how-get-grant_en

Sa Tairseach Maoinithe & Deiseanna Tairisceana, cuirtear deiseanna Maoinithe ar fáil trí ‘ghlaonna do thograí’.

Cliceáil ar an gclár a bhfuil suim agat ann, m.sh. an Eoraip Chruthaitheach.

  • Tabharfaidh sé sin go dtí an ‘leathanach cláir’ tú.
  • Scrollaigh síos go dtí ‘Faigh glaonna do thograí’ agus cliceáil ar ‘féach’ chun a fheiceáil cé na deiseanna maoinithe atá ar fáil.

Ansin, feicfidh tú liosta de na glaonna go léir atá ag an gclár do thograí liostaithe faoi ‘Maoiniú agus tairiscintí’. Tá dáta oscailte agus sprioc-am ag gach glao.

Chun iarratas a dhéanamh ar ghlao, teastóidh na nithe seo a leanas:

  1. Caithfidh tú féin, mar chomhordaitheoir agus eagraí an tionscadail, cuntas Logála isteach bailí den AE a bheith agat.
  2. Caithfidh d’eagraíocht PIC9-ndigit (Cód Aitheantais Rannpháirtíochta) a bheith acu. Faigheann tú é sin nuair a chláraíonn tú d’eagraíocht.

Sa tairseach, iarrfar ort do shonraí Logála Isteach AE a iontráil chun tús a chur nó nuashonrú a dhéanamh ar d’iarratas.

Is féidir an treoraíocht iomlán i dtaca le hiarratas a dhéanamh do dheiseanna maoinithe a fháil sa lámhleabhar F&TP ar líne ina bhfuil eolas úsáideach faoi chlárú d’eagraíocht agus ullmhú d’iarratas.