Skip to main content

Leabhar Gaeilge ainmithe don Duais Eorpach don Litríocht 2022

EUPL BW 7 X3

Comhghairdeachas do Thadhg Mac Dhonnagáin Scríbhneoir Madame Lazare a ainmníodh don Duais Eorpach don Litríocht 2022.

Tá an t-úrscéal Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin ar na saothair a bheidh san iomaíocht don Duais Eorpach don Litríocht 2022, comórtas litríochta a bhíonn á reáchtáil ag an Aontas Eorpach.

Beidh an leabhar Gaeilge seo san iomaíocht le leabhair ó 13 tír eile don phríomhghradam.

Cuirfear na leabhair uile atá ainmnithe i mbliana faoi bhráid painéal moltóirí agus fógrófar an buaiteoir ag searmanas i bPáras ar an 21ú Aibreáin. Tabharfar moladh speisialta do chúig cinn eile de na leabhair.

Eagrófar an ócáid le tacaíocht ón Eoraip Chruthaitheach i gcomhar leis an FEP agus EIBF.

Filleadh ar Nuacht + Imeachtaí