Skip to main content

CEARDLANN FORBARTHA FÍSEÁIN PHITSEÁLA

Pitch Pilot

Diancheardlann trí lá do dhéantóirí chlair faisnéise ag iarraidh a bhfíseáin phitseála a fhorbairt agus a chur in eagar.

Is diancheardlann trí lá í Ceardlann Forbartha Físeáin Phitseála na Gaillimhe do lucht déanta scannán faisnéise ar mian leo a gcuid físeáin phíolótacha a fhorbairt agus a chur in eagar.

Cuirfear seisiúin oscailte ar fáil ar an gcéad mhaidin do lucht déanta scannán faisnéise mar aon le ceardlann trí lá do shé fhoireann agus breathnóirí ón earnáil agus mic léinn.

Más déantóir scannán faisnéise tú ar mian leat barr feabhais a chur ar do thionscadail ó thaobh an mhargaidh de agus cinntí a dhéanamh ó thaobh scéalaíochta de, is duitse an cheardlann seo.


Cad a bhFaighidh tú ón Ceardlann?

  • Aiseolas pearsanta agus praiticiúil ar do chlár píolótach
  • Cinntí ríthábhachtacha maidir le cur chuige amhairc agus struchtúr an scéil
  • Físeán píolótach d'ardchaighdeán réidh le cur i láthair do chomhpháirtithe idirnáisiúnta
  • Seisiúin eagarthóireachta duine le duine in éineacht le seisiúin iomlánacha


Rannpháirtithe

Sé fhoireann tionscadail faisnéise a bhfuil tionscadail á bhforbairt acu a bheas roghnaithe chomh maith le seisear breathnóirí ón earnáil agus seisear breathnóirí ar mic léinn iad.

Beidh deis ag breathnóirí suí isteach le tionscadal thar an trí lá. Beidh deis ag lucht déanta clár faisnéise freastal ar an gcéad chuid den seisiún ar an 25ú Bealtaine, a reáchtálfar mar sheimineár.

Cén Fáth a nGlacfá Páirt sa Cheardlann?

Tá seisiúin pitseála ina gcuid lárnach maidir le maoiniú clár faisnéise. De réir mar a tá cur i láthair ag éirí níos tábhachtaí, tá an chuid amhairc den chur i láthair ag éirí níos riachtanaí don phróiseas maoinithe. I gcúrsaí maoinithe, tá go leor ag brath ar an bhfíseán píolótach 3–4 nóiméad.

Chun cabhrú le lucht déanta clár faisnéise dul i ngleic leis na riachtanais seo, díreoidh an cheardlann ar fhorbairt chruthaitheach an ábhair físiúil a thaispeántar le linn cur i láthair.

Imlíne na Ceardlainne

Beidh seisiún eolais ghinearálta á reáchtáil ar an gcéad mhaidin den cheardlann maidir le conas físeán pitseála den scoth a chruthú. Roghnófar 25 duine proifisiúnta ón earnáil le páirt a ghlacadh sa seimineár maidine seo.

Ag baint úsáide as samplaí de físeáin phitseála rathúla, leagfar amach sa chur i láthair seo machnaimh ghinearálta maidir le heagarthóireacht clár píolótach. Beidh an cur i láthair seo oscailte do dhéantóirí scannán faisnéise a bhfuil suim acu i gclár faisnéise cruthaitheach.

Is don sé fhoireann agus na breathnóirí a bheas an chuid eile den trí lá. Cuirfidh siad a gcuid tionscadal clár faisnéise i láthair i seisiún iomlánach, agus tar éis comhairle ghinearálta a fháil ó na teagascóirí ceardlainne, caithfidh gach foireann an chuid eile den chéad lá agus an chuid is mó den dara lá i mbun eagarthóireachta ar a gcuid físeán pitseála. Déanfar é seo faoi threoir agus le hionchur ó na teagascóirí ceardlainne.

Críochnóidh an dara lá le nuashonrú stádais ó gach foireann. Tar éis maidin an tríú lá a chaitheamh ag eagarthóireacht, críochnaíonn an tríú lá leis na sé fhoireann ag taispeáint a bpíolótaí cur i láthair nua-eagarthóireachta don ghrúpa ceardlainne.

Teagascóirí

Ove Jensen

Phil Jandaly

Ionad

Galway Bay Hotel, Bóthar na Trá, Gaillimh

Conas a nOibríonn Sé?

Má roghnaítear thú chun páirt a ghlacadh sa cheardlann, caithfidh tú trí lá ag an gceardlann, ag glacadh páirte i seisiúin iomlánacha i bplé aiseolais aonair agus beidh am aonair agat chun do físeán pitseála a chur in eagar.

Chun páirt a ghlacadh sa cheardlann, beidh ort do stáisiún eagarthóireachta féin a thabhairt leat chuig suíomh na ceardlainne in Óstán Chuan na Gaillimhe.

Tá Ceardlann Forbartha Físeáin Phitseála eagraithe ag Deasc na hEorpa Cruthaithí i nGaillimh i gcomhair le Paradiddle Pictures agus maoinithe ag Coimisiún na Meán.


Conas Iarratas a Dhéanamh


Cuir isteach le tionscadal don cheardlann iomlán

Cuir isteach le tionscadal agus glac páirt i gCeardlann Forbartha Físeáin Phitseála. Chun d’iarratas a chur isteach le tionscadal atá á fhorbairt agus páirt a ghlacadh sa cheardlann, ní mór duit na nithe seo a leanas a sheoladh chugainn:

  • Achoimre – leathleathanach
  • Cóiriú agus machnamh luath ar an scéal – leathanach iomlán - Nasc chuig radhairc, carachtair nó ábhar amhairc eile roghnaithe ar a mhéad cúig nóiméad
  • Sceideal ama agus buiséad measta don scannán
  • Sonraí teagmhála don stiúrthóir agus don léiritheoir

Cuir isteach anseo don cheardlann iomlán.

Nóta: Ní mór don fhoireann a bheith ar fáil do thrí lá na ceardlainne. Ní mór do stiúrthóir agus d’eagarthóir a bheith ar fáil, mar aon le haon bhaill foirne eile ar mian leo páirt a ghlacadh.


Cuir isteach le bheith i do Bhreathnóir Earnála don Cheardlann Iomlán

Cuir isteach le bheith i do dhuine de shé Bhreathnóir Tionscail don Cheardlann Iomlán

Seol do bheathaisnéis/CV mar aon le leathleathanach ag míniú cén fáth ar mhaith leat a bheith i do bhreathnóir ag an gceardlann agus conas is féidir leat leas a bhaint as.

Cuir isteach anseo le bheith i do bhreathnóir tionscail.


Cuir isteach le bheith bhreathnóir mac léinn don cheardlann iomlán

Seol do bheathaisnéis/CV mar aon le spreagadh leathleathanaigh ag míniú cén fáth ar mhaith leat a bheith i do bhreathnóir ag an gceardlann agus conas is féidir leat leas a bhaint as.

Cuir isteach anseo le bheith i do bhreathnóir mac léinn.

Nóta:
Ní mór duit a bheith ar fáil ar feadh trí lá na ceardlainne le bheith i do bhreathnóir mac léinn.

Cuir isteach le bheith páirteach sa Seimineár 90 Nóiméad ar Eagarthóireacht Físeán Píolótach

Seol chugainn do bheathaisnéis/CV chun clárú don chéad seimineár ar eagarthóireacht físeán píolótach Dé Luain, 25 Bealtaine ag 9:00–11:00.

Cuir isteach anseo le haghaidh áit sa seimineár.


Sprioc d'Iarratais

Is é 20ú Aibreán an sprioc le haghaidh iarratais. Déanfar teagmháil leis na rannpháirtithe a bheas roghnaithe faoin Aoine 24ú Aibreán.

Filleadh ar Nuacht + Imeachtaí