Cothú a thabhairt do thallann, inniúlacht agus scileanna
Spreagadh a thabhairt do chomhoibriú, soghluaisteacht agus nuálaíocht trasteorann i gcruthú agus i léiriú saothar closamhairc Eorpach,
Spreagadh a thabhairt don chomhoibriú ar fud na mBallstát a bhfuil acmhainní difriúla closamhairc acu.
Ceannaire agus páirtí / páirtithe tionscadail:
Caithfidh siad a bheith ina gcuideachtaí léiriúcháin neamhspleácha closamhairc Eorpacha
Ní féidir leo a bheith ina n-aonáin chleamhnaithe
Caithfidh móramh na gceart a bheith ag duine de na páirtithe –glacfar le comhroinnt 50/50
Comhfhorbairt ar thionscadal amháin Beochana, Faisnéise Cruthaithí nó Ficsin d’Ardáin Chineama, Theilifíse nó Digiteacha
Caithfidh tionscadal amháin Beochana, Faisnéise Cruthaithí nó Ficsin ina bhfuil fad 24 nóiméad ar a laghad a bheith léirithe ag an duine ó 2018 i leith.
A dáileadh ar bhonn tráchtála i 3 thír ar a laghad, taobh amuigh dá dtír féin, ag aon am roimh an spriocdháta.
Obair a léirigh an Chuideachta iarrthach nó creidiúint phearsanta mar Léiritheoir
Maidir leis an saothar a chuirfear isteach, ní bheidh cead dul i mbun léiriúcháin air taobh istigh de 10 mí ó dháta an Iarratais.
Uasmhéid de €60,000 in aghaidh an pháirtí | €100,000 do Shraitheanna Teilifíse a bhfuil buiséid léiriúcháin de bhreis agus €20 milliún acu
Próiseálfar na hiarratais go léir a dhéanfar ar ghlaonna na hEorpa Cruthaithí, trí Thairseach Maoinithe & Deiseanna Tairisceana an Choimisiúin Eorpaigh (F&TP) atá ar fáil anseo.
Tá eolas sonrach ar fáil faoin mbealach le rochtain a fháil ar Thairseach F&T anseo.
Is féidir leat breis eolais a fháil faoin mbealach le hiarratas a dhéanamh anseo.
Téigh i dteangbháil leis an Oifig MEDIA má tá breis eolais uait.