Skip to main content

Cúrsaí Oiliúna

Spriocdháta

Déan Iarratas Anois

Metal Heart 2 Slate Treasure Entertainment

Tugann fochlár MEDIA na hEorpa Cruthaithí tacaíocht do réimse gníomhaíochtaí oiliúna i mbainistíocht, teicneolaíochtaí nua agus scriptscríbhneoireacht. Tugann na cúrsaí seo deis do ghairmithe closamhairc as ballstáit an Chláir MEDIA a n-inniúlacht agus a gcumas iomaíochta a threisiú ar an margadh idirnáisiúnta. Reáchtáiltear na gníomhaíochtaí ar fad ag leibhéal tionscail, ó ghearrthéarma (2-3 lá) go dtí fadtéarma (suas go dtí 12 mhí), agus bíonn siad ar siúl ar fud na hEorpa go léir.

Dáta Foilsiúcháin
Fo-Chlár
MEDIA
Gnó
Is féidir linn cabhrú leat

Déan Teagmháil linn

  • Tugann na cúrsaí seo deis do ghairmithe closamhairc as ballstáit an Chláir MEDIA a n-inniúlacht agus a gcumas iomaíochta a threisiú ar an margadh idirnáisiúnta.

  • Is í an riail ghinearálta go gcaithfidh na rannpháirtithe a theacht as ceann de na 32 tír atá páirteach i bhfochlár MEDIA na hEorpa Cruthaithí, i.e. 27 Ballstát an AE mar aon leis an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua 7rl.

  • Bíonn éagsúlacht sna táillí oiliúna ó chúrsa oiliúna amháin go ceann eile. Is minic gur féidir leis na heagraíochtaí oiliúna nó na húdaráis áitiúla/réigiúnacha/ náisiúnta sparánachtaí a chur ar fáil. Bíonn cuid de na cúrsaí in ann deontais a chur ar fáil. Seiceáil na rialacha incháilitheachta leis an eagraíocht oiliúna.

Cuireann an scéim seo tacaíocht ar fáil chun forbairt a dhéanamh ar:

  • Bearta oiliúna a chuidíonn chun scileanna agus inniúlachtaí a thabhairt do ghairmithe closamhairc.

  • Roinnt eolais lena chéile, gréasáin agus úsáid na dteicneolaíochtaí digiteach.

  • Más mian leat cur isteach ar chúrsa tacaithe oiliúna, is féidir réimse de chúrsaí oiliúna a fháil a bhfuil tacaíocht acu ó MEDIA na hEorpa Cruthaithí do ghairmithe Eorpacha (Léiritheoirí, Dáilitheoirí, Scriptscríbhneoirí, Stiúrthóirí) anseo. Déan iarratas díreach leis an soláthróir oiliúna atá ag an gcúrsa oiliúna atá roghnaithe.