Cláir Faisnéise: Dearcadh Eorpach 2025

Le tacaíocht ó Choimisiún na Meán agus i gcomhar le Paradiddle Pictures, tá Oifig MEDIA na Gaillimhe ag eagrú ceardlann ag díriú ar Chláir Faisnéise Eorpacha ar an 23ú Deireadh Fómhair 2025.
I measc na gcraoltóirí a bhí páirteach cheana, tá BBC Storyville, Netflix, SVT, RTE, TG4, S4C agus an Creative Artists Agency.
Ag tosnú ag 9.30 déanfaidh na heagarthóirí coimisiúnaithe Eorpacha cur síos ar na cineálacha éagsúla cláir faisnéise atá uatha.
Tar éis sos gearr, cuirfidh octhar léiritheoirí/stiúrthóirí Éireannacha clár faisnéise atá á fhorbairt acu i láthair. Eagrófar cruinnithe leis na heagarthóirí coimisiúnaithe tar éis lóin chun na tograí seo a phlé.
Tá fáilte roimh bhreathnóirí ón earnáil closamhairc bheith i láthair do na seisiúin ar maidin ó 9.30–13.15.
CUIR TIONSCADAL I LÁTHAIR
Más mian leat tionscadal a chur faoi bhráid na n-eagarthóirí coimisiúnaithe Eorpacha, seol do thionscadal chuig MEDIA Office Galway to eolas@creativeeuropeireland.eu faoin Déardaoin 18ú Meán Fómhair 2025.
Ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas sa chur i láthair:
- Gearr-achoimre – leathleathanach
- Cóiriú agus machnamh luath ar an scéal – leathanach iomlán
- Nasc chuig radharcanna, carachtair nó ábhar físiúil eile
- Sceideal ama agus buiséad measta don scannán
- Sonraí teagmhála don stiúrthóir agus léiritheoir
Níor cheart go mbeadh níos mó ná trí leathanach sa chur i láthair.