Cláir Faisnéise: Dearcadh Eorpach 2025
Le tacaíocht ó Choimisiún na Meán agus i gcomhar le Paradiddle Pictures, tá Oifig MEDIA na Gaillimhe ag eagrú ceardlann ag díriú ar Chláir Faisnéise Eorpacha ar an 23ú Deireadh Fómhair 2025.
I measc na gcraoltóirí atá deimhnithe, tá SVT, RTÉ, TG4, S4C, ARTE, Virgin Media, Yle, Al Jazeera agus Journeyman Pictures (gníomhaire díolacháin).
Is i Portershed a Dó, Gaillimh, Déardaoin 23ú Deireadh Fómhair 2025 a bheas sé. Tá sé eagraithe i gcomhair le Paradiddle Pictures agus is é Ove Rishøj Jensen a chuirfidh an imeacht i láthair.
Ag tosnú ag 9.00, cuirfear fáilte roimh gach duine le tae agus caife, agus ag 09.30, déanfaidh na heagarthóirí coimisiúnaithe Eorpacha cur síos ar na cineálacha éagsúla cláir faisnéise atá uatha.
Tar éis sos gearr, cuirfidh octhar léiritheoirí/stiúrthóirí Éireannacha clár faisnéise atá á fhorbairt acu i láthair. Eagrófar cruinnithe leis na heagarthóirí coimisiúnaithe tar éis lóin chun na tograí seo a phlé.
Tá fáilte roimh bhreathnóirí ón earnáil closamhairc bheith i láthair do na seisiúin ar maidin ó 9.30–13.30.