Folúntas - Ceannasaí Oifig MEDIA na Gaillimhe
Folúntas - Ceannasaí Oifig MEDIA na Gaillimhe. Spriocdháta d'Iarratasaí: 5:00in Dé hAoine 20ú Meán Fómhair 2024.
Faoi Oifig MEDIA na Gaillimhe
s oifig eolais don Chlár An Eoraip Chruthaitheach í Deasc na hEorpa Cruthaithí Oifig MEDIA na Gaillimhe a chuireann seirbhís eolais ar fáil maidir leis an bhfó-chlár MEDIA atá ag tacú le tionscal closamhairc na hEorpa. Tá Oifig MEDIA na Gaillimhe mar chuid de Dheasc na hEorpa Cruthaithí in Éirinn — líonra d’oifigí faisnéise na hEorpa Cruthaithí arna gcomhordú ag Fís Éireann. Tá an Oifig á maoiniú ag an Aontas Eorpach agus á cómhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta, TG4, Fís Éireann agus Ardán.
Tá Oifig MEDIA na hEorpa Cruthaithí Gaillimh mar bhall d’Fhóram Closamhairc an Iarthair, ag oibriú go dlúth le príomhpháirtithe leasmhara san Iarthar chun na hearnálacha closamhairc agus cluichíochta sa réigiún a chur chun cinn.
Ról
Beidh an té a cheapfar ag tuairisciú go díreach do Bhord Media Antenna CTR, agus baineann an ról seo le bainistíocht an chomhlachta, chomh maith le soláthar faisnéise, agus seirbhísí comhairleacha don earnáil closamhairc in Iarthar na hÉireann agus sna réigiúin Ghaeltachta. Beidh an t-iarratasóir a n-éireoidh leis/léi freagrach as bainistiú na hOifige, lena n-áirítear faisnéis a scaipeadh, cúnamh a chur ar fáil le hiarratais MEDIA, agus imeachtaí tábhachtacha a eagrú chun an earnáil a uas-sciliú agus a idirnáisiúnú. Beidh an ról seo lonnaithe in oifig na Gaillimhe, ar an Spidéal, i gContae na Gaillimhe
Príomhfhreagrachtaí
- Gach gníomhaíocht a bhaineann le reáchtáil Oifig MEDIA na Gaillimhe a bhainistiú, lena n-áirítear bainistíocht airgeadais iomlán agus comhlíonadh gach gné de dhlí na gcuideachtaí.
- Scaipeadh faisnéise — Cuidiú le cliaint agus comhairle a chur orthu maidir le deiseanna MEDIA agus comhairliúcháin mhionsonraithe a dhéanamh le hiarratasóirí ar fud na n-earnálacha clos-amhairc agus cluichíochta.
- Iarratais ar chistiú cliant a éascú.
- Idirchaidreamh a dhéanamh le hoifigigh Roinn an Rialtais i ndáil le Clár na hEorpa Cruthaithí agus maidir le hionchur ar bheartas de réir mar is gá.
- Bainistiú imeachtaí lena n-áirítear pleanáil agus léiriú comhdhála, seimineáir faisnéise agus imeachtaí líonraithe
- Gníomhaíochtaí a bhaineann leis an mBord — Cumarsáid le Cathaoirleach an Bhoird agus Cáipéisí an Bhoird a ullmhú.
- Tograí maidir le cistiú agus tuairisciú.
- Preaseisiúintí, ailt a scríobh, dearadh agus obair eagarthóireachta a dhéanamh ar Fhoilseacháin MEDIA.
- Cumarsáid a dhéanamh ar bhonn rialta le gairmithe tionscail, maoinitheoirí agus gníomhaireachtaí tionscail agus ranna rialtais eile
Príomhriachtanais an Róil
- Cáilíocht 3ú leibhéal agus/nó taithí ghairmiúil i réimse ábhartha.
- Ard-scileanna scríofa agus labhartha i nGaeilge agus i mBéarla.
- Sárscileanna eagrúcháin agus bainistíochta tionscadal.
- Scileanna láidre bainistíochta ama agus cumarsáide chomh maith le sárscileanna idirphearsanta.
- Taithí mhaith ar chúrsaí riaracháin agus ríomhaireachta agus ar na hardáin meán sóisialta.
- Ceadúnas Tiomána Iomlán Glan
Beidh an t-iarrthóir a roghnófar:
- Ina féintionscnóir a bheidh in ann oibriú go neamhspleách ar a dtionscnamh féin agus ábalta feidhmiú go muiníneach agus go héifeachtach as a stuaim féin.
- In ann oibriú le daoine chun maoiniú a fháil ón Aontas Eorpach nó rochtain a fháil ar dheiseanna margaidh agus oiliúna.
- Ábalta a gcuid suime sna hearnálacha cruthaitheacha a léiriú.
- Solúbtha maidir le huaireanta oibre agus taisteal chuig Féilte/Imeachtaí lena n-áirítear ag an deireadh seachtaine.
- Ba bhuntáiste a bheadh ann tuiscint a bheith ag an iarrthóir ar institiúidí agus ar bheartais Eorpacha.
Buntaistí
- Tuarastal iomaíoch ag brath ar thaithí.
- 25 lá saoire bhliantúil
- Scéim phinsin
- Uaireanta solúbtha oibre
- Deiseanna chun ionadaíocht a dhéanamh ar an oifig go hidirnáisiúnta ag Féilte Scannán Cannes agus Berlin. Breis taistil más gá.
Próiseas Iarratais
Iarrtar ar iarratasóirí a bhfuil spéis acu sa ról CV agus litir iarratais, ina sonrófar an chaoi a bhfuil a dtaithí agus a gcáilíochtaí oiriúnach don ról seo, a chur ar aghaidh chuig eolas@creativeeuropeireland.eu faoi 17.00, an 20ú Meán Fómhair 2024.