Skip to main content

Seimineár: Conas dul i nGleic le Físeán Pitseála

Seminar The Pitch Pilot
Seimineár faoi conas dul i ngleic le físeán pitseála.

Le tacaíocht ó Choimisiún na Meán, tá Oifig MEDIA na Gaillimhe chun seimineár uair go leith a óstáil ar conas dul i ngleic le físeán pitseála Dé Luain an 25 Bealtaine ó 9.30–11.00. Cuirfidh an léiritheoir agus an comhairleoir clár faisnéise Ove Jensen an seimineár i láthair.

Seisiún eolais ghinearálta ar conas cur i láthair píolótach den scoth a chruthú a bheas ann. Ag baint úsáide as samplaí de físeáin phitseála rathúla, leagfar amach sa chur i láthair seo machnaimh ghinearálta maidir le heagarthóireacht clár píolótach. Beidh an cur i láthair seo oscailte do dhéantóirí scannán faisnéise a bhfuil suim acu i gclár faisnéise cruthaitheach mar aon le mic léinn nó iad siú ag tús le gairm ag plé le scannáin faisnéise.

Tá seisiúin pitseála ina gcuid lárnach maidir le maoiniú clár faisnéise. De réir mar a tá cur i láthair ag éirí níos tábhachtaí, tá an chuid amhairc den chur i láthair ag éirí níos riachtanaí don phróiseas maoinithe. I gcúrsaí maoinithe, tá go leor ag brath ar an bhfíseán
píolótach 3–4 nóiméad.

Beidh an cur i láthair seo oscailte do gach déantóir scannán faisnéise a bhfuil suim acu i gclár faisnéise cruthaitheacha chomh maith le mic léinn agus iad siúd atá ag tosú ar a ngairmeacha beatha mar dhéantóirí scannán faisnéise. Dáta: 25 Bealtaine 2026

Ionad:
Óstán Chuan na Gaillimhe, Bóthar na Trá, Gaillimhe

Am: 09.30–11.00

Doirse ag 09.00. Cuirfear sólaistí ar fáil.

Clárú: Cláraigh anseo son imeacht saor in aisce seo.

Ove Jensen

Ag obair san earnáil faisnéise idirnáisiúnta ó 2003 i leith, tá líonra forbartha ag Ove laistigh den tionscal. Tugann sé léachtaí agus reáchtálann sé ceardlanna faoi fhorbairt tionscadal, scríbhneoireacht scripte do chlár faisnéise, maoiniú idirnáisiúnta, comhléiriú agus dáileadh.

Bhunaigh Ove a chuideachta féin, Paradiddle Pictures, in 2019 chun oiliúnt agus comhairleoirecaht a chur ar fáil faoi chláir faisnéise. I measc rudaí eile, reáchtálann sé an fóram cur i láthair ag FIPADOC, oibríonn sé le Tokyo Docs, K-Docs, cph:dox, IDFA, M:Brane, Mediterranean Film Institute, Nordisk Panorama, Féile Clár Faisnéise Thessaloniki agus reáchtálann sé an tsraith ceardlann DocCelerator.

Ó 2011 i leith, tá Ove ag obair leis an gcomhlacht léiriúcháin Sualannach Auto Images mar Léiritheoir agus Bainisteoir For-rochtana, rud a leanann sé de bheith ag obair air. Bhí sé páirteach i léiriú Nelly & Nadine, Touching Freedom, Only the Devil Lives Without Hope, Patriotic Highway, Every Face Has a Name agus araile. Tá sé ag obair faoi láthair ar roinnt tionscadal idirnáisiúnta nua i gcomhar leis an Stiúrthóir Magnus Gertten.

Filleadh ar Nuacht + Imeachtaí