The Rewrite Stuff - Ceardlann Scríbhneoireachta Teilifíse
Tá Oifig MEDIA na Gaillimhe le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann ag eagrú Ceardlann Scríbhneoireachta Teilifíse i nGaillimh ón 2ú-5ú Bealtaine 2022.
Bunaithe ar an gCeardlann Teilifíse a d'eagair an Oifig MEDIA i 2020 le Emmanuel Oberg, beidh an Cheardlann phraiticiúil seo ag díríu ar fhorbairt 8-10 thogra de réir an dhá chéim déag a sonraíodh sa mhír deireannach den gCeardlann Teilifíse.
Tá breis eolais ar fáil sa gClár don gCeardlann.
Ní mór d'iarratasóirí an cúrsa Teilifíse le Emmanuel a bheith déanta acu cheana nó a bheith toilteanach é a dhéanamh ar líne roimh na ceardlainne. Féach na Ceisteanna Coitianta leis seo.
Spriocdháta d'Iarratasaí: 16ú Márta 2022.
AN NUACHT IS DÉANAÍ
Roghnaíodh na tograí seo a leanas don gceardlann
- The Vicious Circle - Graeme
- The Brink - Seán Keeley
- Home - Deborah Ní Ghibne & Jac Keady
- Burgess G.D - Billy McGrath
- Killfluencers - Denise Deegan & Fiona Tuhoy
- Coole - Micheál & Seán T. Ó Meallaigh
- Trace - Martha O'Neill & Miriam Devitt
- Cubs - Daniel Butler & Mike Heneghan
- Dead on the Money - Laura Canavan-Hayes
- Mapping Keira - Siobhán Ní Ghadhra & Niamh O'Connor
- A Tale of Two Wolves - Molly O' Driscoll